Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC

Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC

Share

Fáilte romhat go leathanach an Ionaid

18/06/2026

Táimid ag súil go mór leis an ócáid seo agus sinn ana-bhródúil as Siún s'againne!

17/06/2026

Chruthaigh Barr na gCnoc agus Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, idirghabháil - a mhair sé seachtaine - d'Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) chun Corpoideachas a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, i bpáirt le le múinteoirí agus daltaí an 6ú Rang i dtrí bhunscoil lán-Bhéarla DEIS: Scoil Náisiúnta Cnoc na Sú Talúin, Scoil Mhuire ar Chnoc na hAoine, agus Scoil Padre Pio.

Tá teora fós leis an dtaighde atá déanta ar  FCÁT-Corpoideachas in Éirinn. Ar an iomlán, nuair a dhéantar foghlaim teanga a nascadh le gluaiseacht choirp, is léir gur páirtíocht is ea é a théann chun tairbhe an dá pháirtí. Is féidir le foghlaimeoirí a bheith “ag bogadh timpeall agus ag foghlaim na teanga le chéile”.

Photos from Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC's post 17/06/2026

Seachtain sa Ghaeltacht

63 mac léinn ón Ollscoil a chaith seachtain in ár dteannta i gCorca Dhuibhne ag deireadh mhí na Bealtaine. Bhain na mic léinn le Ranna difriúla ar fuaid na hollscoile agus bronnadh scoláireacht orthu chun teacht chun na Gaeltachta. Bhí plúr na gceoltóirí, na n-amhránaithe is na rinceoirí ina measc gan trácht ar a spéis sa Ghaelainn. Gabhaimid buíochas leis na mná tí, na múinteoirí, na haoichainteoirí agus dóibh siúd ar fad a bhí ag roinnt a gcuid eolais is a gceird leothu.

Bhí an ghrian ag scoltadh na gcloch i rith na seachtaine ar fad ach amháin an lá a chuamair go Sliabh an Fhiolair – dóbair dúinn dul amú sa cheo!

15/06/2026

Bhain Nuala agus a rang GA1121 an-taitneamh as cuairt ThradSoc le déanaí. Sheinneadar ceol den scoth dúinn is táimid an-bhaoch díobh. TradSoc UCC abú!

📸Nuala de Búrca

Photos from Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC's post 12/06/2026

Comhdháil ar an bhFeasacht Teanga. 11 Meitheamh 2026.

📸 Karol Coleman, Nuala de Búrca agus Seán Ó Laoi

08/06/2026
Photos from Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC's post 05/06/2026

Bhain na daltaí a d'fhreastail ar Lá na Scoileanna Gaeilge 2026 an-taitneamh as na turgnaimh a dheineadar sa tSaotharlann Ceimice san Ionad Eureka. Míle baochas leis an Dr Stephen Murphy agus an Dr Ryan Gallagher as na turgnaimh spraíúla a dhéanamh linn!

📸 Nuala de Búrca

Photos from Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC's post 29/05/2026

Bhí sé de phribhléid againn an lá a chaitheamh le múinteoirí is daltaí na nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta Chorcaí le déanaí. Míle baochas leis na bunscoileanna seo a leanas a ghlac páirt i Lá na Scoileanna Gaeilge 2026:

Gaelscoil an Chaisleáin, Baile an Chollaigh
Gaelscoil Charraig Uí Leighin
Gaelscoil na Dúglaise
Gaelscoil Mhachan
Gaelscoil Mhainistir na Corann
Gaelscoil Pheig Sayers, Fearann Phiarais
Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Baile Feitheán
Gaelscoil Uí Riada, Wilton
Gaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh
Scoil Chúil Aodha Barr D’Inse

Want your school to be the top-listed School/college in Cork?

Click here to claim your Sponsored Listing.

Location

Address


G02, Áras Uí Rathaille, Coláiste Na HOllscoile Corcaigh
Cork

Opening Hours

Monday 9am - 5pm
Tuesday 9am - 5pm
Wednesday 9am - 5pm
Thursday 9am - 5pm
Friday 9am - 5pm